Table of Contents Table of Contents
Previous Page  233 / 234 Next Page
Information
Show Menu
Previous Page 233 / 234 Next Page
Page Background

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC)

freagrach as an gcomhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú

mar shócmhainn luachmhar do mhuintir na hÉireann.

Táimid tiomanta do dhaoine agus don chomhshaol a

chosaint ó éifeachtaí díobhálacha na radaíochta agus

an truaillithe.

Is féidir obair na Gníomhaireachta a

roinnt ina trí phríomhréimse:

Rialú:

Déanaimid córais éifeachtacha rialaithe agus comhlíonta

comhshaoil a chur i bhfeidhm chun torthaí maithe comhshaoil a

sholáthar agus chun díriú orthu siúd nach gcloíonn leis na córais sin.

Eolas:

Soláthraímid sonraí, faisnéis agus measúnú comhshaoil atá ar

ardchaighdeán, spriocdhírithe agus tráthúil chun bonn eolais a chur

faoin gcinnteoireacht ar gach leibhéal.

Tacaíocht:

Bímid ag saothrú i gcomhar le grúpaí eile chun tacú le

comhshaol atá glan, táirgiúil agus cosanta go maith, agus le hiompar

a chuirfidh le comhshaol inbhuanaithe.

ÁR bhFREAGRACHTAÍ

CEADÚNÚ

Déanaimid na gníomhaíochtaí seo a leanas a rialú ionas nach ndéanann

siad dochar do shláinte an phobail ná don chomhshaol:

• saoráidí dramhaíola

(m.sh.

láithreáin líonta talún, loisceoirí, stáisiúin

aistrithe dramhaíola)

;

• gníomhaíochtaí tionsclaíocha ar scála mór

(m.sh.

déantúsaíocht

cógaisíochta, déantúsaíocht stroighne, stáisiúin chumhachta)

;

• an diantalmhaíocht

(m.sh.

muca, éanlaith

);

• úsáid shrianta agus scaoileadh rialaithe Orgánach Géinmhodhnaithe

(OGM)

;

• foinsí radaíochta ianúcháin

(m.sh.

trealamh x-gha agus radaiteiripe,

foinsí tionsclaíocha)

;

• áiseanna móra stórála peitril;

• scardadh dramhuisce;

• gníomhaíochtaí dumpála ar farraige.

FORFHEIDHMIÚ NÁISIÚNTA I LEITH CÚRSAÍ COMHSHAOIL

• Clár náisiúnta iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh gach bliain ar

shaoráidí a bhfuil ceadúnas ón nGníomhaireacht acu.

• Maoirseacht a dhéanamh ar fhreagrachtaí cosanta comhshaoil na

n-údarás áitiúil.

• Caighdeán an uisce óil, arna sholáthar ag soláthraithe uisce phoiblí,

a mhaoirsiú.

• Obair le húdaráis áitiúla agus le gníomhaireachtaí eile chun dul i ngleic

le coireanna comhshaoil trí chomhordú a dhéanamh ar líonra

forfheidhmiúcháin náisiúnta, trí dhíriú ar chiontóirí, agus trí mhaoirsiú

a dhéanamh ar leasúchán.

• Cur i bhfeidhm rialachán ar nós na Rialachán um Dhramhthrealamh

Leictreach agus Leictreonach (DTLL), um Shrian ar Shubstaintí

Guaiseacha agus na Rialachán um rialú ar shubstaintí a ídíonn an

ciseal ózóin.

• An dlí a chur orthu siúd a bhriseann dlí an chomhshaoil agus a

dhéanann dochar don chomhshaol.

BAINISTÍOCHT UISCE

• Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar cháilíocht aibhneacha,

lochanna, uiscí idirchriosacha agus cósta na hÉireann, agus screamhuiscí;

leibhéil uisce agus sruthanna aibhneacha a thomhas.

• Comhordú náisiúnta agus maoirsiú a dhéanamh ar an gCreat-Treoir

Uisce.

• Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar Cháilíocht an

Uisce Snámha.

MONATÓIREACHT, ANAILÍS AGUS TUAIRISCIÚ AR AN GCOMHSHAOL

• Monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an aeir agus Treoir an AE

maidir le hAer Glan don Eoraip (CAFÉ) a chur chun feidhme.

• Tuairisciú neamhspleách le cabhrú le cinnteoireacht an rialtais náisiúnta

agus na n-údarás áitiúil

(m.sh

. tuairisciú tréimhsiúil ar staid Chomhshaol

na hÉireann agus Tuarascálacha ar Tháscairí)

.

RIALÚ ASTAÍOCHTAÍ NA nGÁS CEAPTHA TEASA IN ÉIRINN

• Fardail agus réamh-mheastacháin na hÉireann maidir le gáis cheaptha

teasa a ullmhú.

• An Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí a chur chun feidhme i gcomhair

breis agus 100 de na táirgeoirí dé-ocsaíde carbóin is mó in Éirinn.

TAIGHDE AGUS FORBAIRT COMHSHAOIL

• Taighde comhshaoil a chistiú chun brúnna a shainaithint, bonn eolais

a chur faoi bheartais, agus réitigh a sholáthar i réimsí na haeráide,

an uisce agus na hinbhuanaitheachta.

MEASÚNACHT STRAITÉISEACH TIMPEALLACHTA

• Measúnacht a dhéanamh ar thionchar pleananna agus clár beartaithe

ar an gcomhshaol in Éirinn

(m.sh.

mórphleananna forbartha)

.

COSAINT RAIDEOLAÍOCH

• Monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil radaíochta, measúnacht a

dhéanamh ar nochtadh mhuintir na hÉireann don radaíocht ianúcháin.

• Cabhrú le pleananna náisiúnta a fhorbairt le haghaidh éigeandálaí

ag eascairt as taismí núicléacha.

• Monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí thar lear a bhaineann le

saoráidí núicléacha agus leis an tsábháilteacht raideolaíochta.

• Sainseirbhísí cosanta ar an radaíocht a sholáthar, nó maoirsiú a

dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin.

TREOIR, FAISNÉIS INROCHTANA AGUS OIDEACHAS

• Comhairle agus treoir a chur ar fáil d’earnáil na tionsclaíochta agus

don phobal maidir le hábhair a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil

agus leis an gcosaint raideolaíoch.

• Faisnéis thráthúil ar an gcomhshaol ar a bhfuil fáil éasca a chur ar

fáil chun rannpháirtíocht an phobail a spreagadh sa chinnteoireacht

i ndáil leis an gcomhshaol

(m.sh.

Timpeall an Tí, léarscáileanna radóin)

.

• Comhairle a chur ar fáil don Rialtas maidir le hábhair a bhaineann

leis an tsábháilteacht raideolaíoch agus le cúrsaí práinnfhreagartha.

• Plean Náisiúnta Bainistíochta Dramhaíola Guaisí a fhorbairt chun

dramhaíl ghuaiseach a chosc agus a bhainistiú.

MÚSCAILT FEASACHTA AGUS ATHRÚ IOMPRAÍOCHTA

• Feasacht chomhshaoil níos fearr a ghiniúint agus dul i bhfeidhm ar

athrú iompraíochta dearfach trí thacú le gnóthais, le pobail agus le

teaghlaigh a bheith níos éifeachtúla ar acmhainní.

• Tástáil le haghaidh radóin a chur chun cinn i dtithe agus in ionaid

oibre, agus gníomhartha leasúcháin a spreagadh nuair is gá.

BAINISTÍOCHT AGUS STRUCHTÚR NA GNÍOMHAIREACHTA UM

CHAOMHNÚ COMHSHAOIL

Tá an ghníomhaíocht á bainistiú ag Bord lánaimseartha, ar a bhfuil Ard-

Stiúrthóir agus cúigear Stiúrthóirí. Déantar an obair ar fud cúig cinn

d’Oifigí:

• An Oifig um Inmharthanacht Comhshaoil

• An Oifig Forfheidhmithe i leith cúrsaí Comhshaoil

• An Oifig um Fianaise is Measúnú

• An Oifig um Cosaint Raideolaíoch

• An Oifig Cumarsáide agus Seirbhísí Corparáideacha

Tá Coiste Comhairleach ag an nGníomhaireacht le cabhrú léi. Tá dáréag

comhaltaí air agus tagann siad le chéile go rialta le plé a dhéanamh ar

ábhair imní agus le comhairle a chur ar an mBord.