EPA - Ireland's Environment, An Integrated Assessment - 2020

An Ghníomhaireacht Um Chaomhnú Comhshaoil Tá an GCC freagrach as an gcomhshaol a chosaint agus a fheabhsú, mar shócmhainn luachmhar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do dhaoine agus don chomhshaol a chosaint ar thionchar díobhálach na radaíochta agus an truaillithe. Is féidir obair na Gníomhaireachta a roinnt ina trí phríomhréimse: • Rialáil: Rialáil agus córais chomhlíonta comhshaoil éifeachtacha a chur i bhfeidhm, chun dea-thorthaí comhshaoil a bhaint amach agus díriú orthu siúd nach mbíonn ag cloí leo. • Eolas: Sonraí, eolas agus measúnú ardchaighdeáin, spriocdhírithe agus tráthúil a chur ar fáil i leith an chomhshaoil chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht. • Abhcóideacht: Ag obair le daoine eile ar son timpeallachta glaine, táirgiúla agus dea-chosanta agus ar son cleachtas inbhuanaithe i dtaobh an chomhshaoil. I measc ár gcuid freagrachtaí tá: CEADÚNÚ • Gníomhaíochtaí tionscail, dramhaíola agus stórála peitril ar scála mór; • Sceitheadh fuíolluisce uirbigh; • Úsáid shrianta agus scaoileadh rialaithe Orgánach Géinmhodhnaithe; • Foinsí radaíochta ianúcháin; • Astaíochtaí gás ceaptha teasa ó thionscal agus ón eitlíocht trí Scéim an AE um Thrádáil Astaíochtaí. FORFHEIDHMIÚ NÁISIÚNTA I LEITH CÚRSAÍ COMHSHAOIL • Iniúchadh agus cigireacht ar shaoráidí a bhfuil ceadúnas acu ón GCC; • Cur i bhfeidhm an dea-chleachtais a stiúradh i ngníomhaíochtaí agus i saoráidí rialáilte; • Maoirseacht a dhéanamh ar fhreagrachtaí an údaráis áitiúil as cosaint an chomhshaoil; • Caighdeán an uisce óil phoiblí a rialáil agus údaruithe um sceitheadh fuíolluisce uirbigh a fhorfheidhmiú • Caighdeán an uisce óil phoiblí agus phríobháidigh a mheasúnú agus tuairisciú air; • Comhordú a dhéanamh ar líonra d’eagraíochtaí seirbhíse poiblí chun tacú le gníomhú i gcoinne coireachta comhshaoil; • An dlí a chur orthu siúd a bhriseann dlí an chomhshaoil agus a dhéanann dochar don chomhshaol. BAINISTÍOCHT DRAMHAÍOLA AGUS CEIMICEÁIN SA CHOMHSHAOL • Rialacháin dramhaíola a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú lena n-áirítear saincheisteanna forfheidhmithe náisiúnta; • Staitisticí dramhaíola náisiúnta a ullmhú agus a fhoilsiú chomh maith leis an bPlean Náisiúnta um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí; • An Clár Náisiúnta um Chosc Dramhaíola a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm; • Reachtaíocht ar rialú ceimiceán sa timpeallacht a chur i bhfeidhm agus tuairisciú ar an reachtaíocht sin. BAINISTÍOCHT UISCE • Plé le struchtúir náisiúnta agus réigiúnacha rialachais agus oibriúcháin chun an Chreat-treoir Uisce a chur i bhfeidhm; • Monatóireacht, measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar chaighdeán aibhneacha, lochanna, uiscí idirchreasa agus cósta, uiscí snámha agus screamhuisce chomh maith le tomhas ar leibhéil uisce agus sreabhadh abhann. EOLAÍOCHT AERÁIDE & ATHRÚ AERÁIDE • Fardail agus réamh-mheastacháin a fhoilsiú um astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann; • Rúnaíocht a chur ar fáil don Chomhairle Chomhairleach ar Athrú Aeráide agus tacaíocht a thabhairt don Idirphlé Náisiúnta ar Ghníomhú ar son na hAeráide; • Tacú le gníomhaíochtaí forbartha Náisiúnta, AE agus NA um Eolaíocht agus Beartas Aeráide. MONATÓIREACHT AGUS MEASÚNÚ AR AN GCOMHSHAOL • Córais náisiúnta um monatóireacht an chomhshaoil a cheapadh agus a chur i bhfeidhm: teicneolaíocht, bainistíocht sonraí, anailís agus réamhaisnéisiú; • Tuairiscí ar Staid Thimpeallacht na hÉireann agus ar Tháscairí a chur ar fáil; • Monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán an aeir agus Treoir an AE i leith Aeir Ghlain don Eoraip a chur i bhfeidhm chomh maith leis an gCoinbhinsiún ar Aerthruailliú Fadraoin Trasteorann, agus an Treoir i leith na Teorann Náisiúnta Astaíochtaí; • Maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach i leith Torainn Timpeallachta; • Measúnú a dhéanamh ar thionchar pleananna agus clár beartaithe ar chomhshaol na hÉireann. TAIGHDE AGUS FORBAIRT COMHSHAOIL • Comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde comhshaoil agus iad a mhaoiniú chun brú a aithint, bonn eolais a chur faoin mbeartas agus réitigh a chur ar fáil; • Comhoibriú le gníomhaíocht náisiúnta agus AE um thaighde comhshaoil. COSAINT RAIDEOLAÍOCH • Monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil radaíochta agus nochtadh an phobail do radaíocht ianúcháin agus do réimsí leictreamaighnéadacha a mheas; • Cabhrú le pleananna náisiúnta a fhorbairt le haghaidh éigeandálaí ag eascairt as taismí núicléacha; • Monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí thar lear a bhaineann le saoráidí núicléacha agus leis an tsábháilteacht raideolaíochta; • Sainseirbhísí um chosaint ar an radaíocht a sholáthar, nó maoirsiú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin. TREOIR, ARDÚ FEASACHTA AGUS FAISNÉIS INROCHTANA • Tuairisciú, comhairle agus treoir neamhspleách, fianaise- bhunaithe a chur ar fáil don Rialtas, don tionscal agus don phobal ar ábhair maidir le cosaint comhshaoil agus raideolaíoch; • An nasc idir sláinte agus folláine, an geilleagar agus timpeallacht ghlan a chur chun cinn; • Feasacht comhshaoil a chur chun cinn lena n-áirítear tacú le hiompraíocht um éifeachtúlacht acmhainní agus aistriú aeráide; • Tástáil radóin a chur chun cinn i dtithe agus in ionaid oibre agus feabhsúchán a mholadh áit is gá. COMHPHÁIRTÍOCHT AGUS LÍONRÚ Oibriú le gníomhaireachtaí idirnáisiúnta agus náisiúnta, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtais, comhlachtaí ionadaíocha agus ranna rialtais chun cosaint chomhshaoil agus raideolaíoch a chur ar fáil, chomh maith le taighde, comhordú agus cinnteoireacht bunaithe ar an eolaíocht. BAINISTÍOCHT AGUS STRUCHTÚR NA GNÍOMHAIREACHTA UM CHAOMHNÚ COMHSHAOIL Tá anGCC á bainistiú ag Bord lánaimseartha, ar a bhfuil Ard-Stiúrthóir agus cúigear Stiúrthóir. Déantar an obair ar fud cúig cinn d’Oifigí: • An Oifig um Inbhunaitheacht i leith Cúrsaí Comhshaoil • An Oifig Forfheidhmithe i leith Cúrsaí Comhshaoil • An Oifig um Fhianaise agus Measúnú • An Oifig um Chosaint ar Radaíocht agus Monatóireacht Comhshaoil • An Oifig Cumarsáide agus Seirbhísí Corparáideacha Tugann coistí comhairleacha cabhair don Ghníomhaireacht agus tagann siad le chéile go rialta le plé a dhéanamh ar ábhair imní agus le comhairle a chur ar an mBord.

RkJQdWJsaXNoZXIy MTQzNDk=